Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreacht ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici.
Nuair a baistead é tugadh Ridire na Cleithe mar ainm air.
Nuair a bhí sé bliadain is fiche chuaidh sé amach ar aimsir ag feilméaraidhe. Bhí triúr fatach na gcomhnaide inaice an fheilméara agus bó ar bith a rachadh isteach ar thalamh na bhfathach mharbhochadh agus díosfadh siad iad. Lá ar na bháireach chuaidh an buachaill amach leis na ba agus chuir sé a dhá láimh leis na ballaí agus chuir sé na beithidhigh isteach ar thalamh na bhfathach.
Taréis tamaill tháinig ceann go na fathaigh agus thosuigh sé ag troid leis an mbuachaill. Leag an buachaill é dubhairt an fathach gan é a mharbhú agus go dtuibharfadh sé a chapall agus a chaisleán dó agus a chlaidheam.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Loideáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loideáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An tArdán Thiar, Co. Galway