Scoil: An Fháirche (Buachaillí)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Énrí Ó Máille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Seanfhoclaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) Ní hionann a dhul go dtí an baile mór agus a theacht as
    (2) Ní shiad na fir mhóra a bhaineanns an Fóghmhar
    (3) Is deacair an tslat a shnaomadh nuair a chruaidhigheann sí
    (4) Níl a fhios ag fear ar bith cé'n áit a luigheann an bhróg ar fhear eile
    (5) Is feárr leat fhéin ná le droch-chomhluadar
    (6) An té a dtéigheann cáil an mhocháire amach dó ní dochar dó codhladh go meadhon-lae
    (7) Is furasta fuil a bhaint as ceann carrach
    (8) Is maith an sgéalaidhe an aimsear
    (9) Déan uair amháin é agus tá sé déanta faoí dhó
    (10) Ná caith do shaoghal ag diomhaoin
    (11) Ná tabhair breith ar an gcéad sgéal
    (12) Má's maith leat do mholadh, fá bás,
    Má's maith leat do cháineadh, pós.
    (13) An té atá thuas óltar deoch air agus an té atá thíos buailtear cos air
    (14) Maireann an crann acht mo léan ní mhaireann an lámh a chuir é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dúráithe, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Dúráithe, Co. na Gaillimhe