Scoil: An Fháirche (Buachaillí)

Suíomh:
An Fhairche, Co. Galway
Múinteoir:
Énrí Ó Máille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 346

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 346
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá eas beannuighthe i mBailebhuidhe. Sé Naomh Breandán a rinne beannuighthe é.
    Fadó nuair a bhí na saighdiúirí i ndiaidh na sagairt bhí Naomh Breandán ag dul thart ag tóruigheacht áite le Aifreann a rádh agus bhí na saighdiúirí in a dhiaidh. Nuair a bhí na saighdiúirí ag teacht gar dhó ní raibh fhios aige cé'n áit a rachadh sé. Chonnaic séa n t-eas agus chuaidh sé isteach faoí agus dárduigh an t-eas amach ós a chionn. Chuaidh na saighdiúirí thar an eas agus ní fhaca siad Naomh Breandán. Léigh an naomh Aifreann annsin ann agus tá sé beannuighthe ó shoin.
    Fadó bhiodh go leór daoine ag déanamh turais ag an eas acht níl an oiread sin ag dul ann anois. Nuair a bhíonn daoine ag tabhairt turais ag an eas caitheann said a dhul ar an nglúiníbh agus seacht bpaidir seacht Áibhe Máire agus Créa a rádh. Annsin rachaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50