Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 051
  3. XML “Fear Maraithe an Chéad den Aon Bhuille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Diarfhaid an duine uasal do an raghad sé chúige mar bhuachaill aimsire mar go raibh sé ag tógaint caisleán agus an méid a bhíonn tógaithe is ló aige. Bíonn sé leagaithe ar an dtalam an mhaidean na dhiaid ag triúr fathaig atá san áith.
    Do gheall sé chúig phúint don dtáilliúr dá bhfanfhad sé aige an oidhche sin. Do bhí an táilliúr lán tsásta leis an margad agus theaspáin a chlaideam den bhfear uasal. Do leath a dhá shúil don bhfear uasal ar fheiscint na bhfocal a bhí scríobhtha ar an gclaideam agus bhí áthas a chroide air í dtaobh go raibh gaiscidheach ionntach aige a mharbhóchadh na fathaig.
    Nuair a thuit an oidhche do chuaid an táilliúr amach go dtí an gcaisleán agua a chlaideam ar biorra na lámh dheis aige. Níor fhada gur fheaca sé chuige fathach teann teaghardha agus fuadar nimhe fé ag leagad agus ag réabhad an chaisleáin. Do thug an táilliúr sciúrd ratha fé an bhfathach agus bhain an ceann de.
    Nuair tháinig breach an lae do chuaid an táilliúr isteach go dtí tig an fhir uasail agus ceann an fhathaig ar bhior a chlaideaimh aige. Bhí an fear uasal ana shásta leis an obair a bhí deanta ag an dtáilliúr an oidhche sin agus gheall sé deich púint don dtáilliúr acht fanacht an dara hoidhche.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnal Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry