Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach bocht ann fadó agus bhí mach aici. Lá amáin chuaidh an mach ar an aonach le bhó chun an cíosa do dhíol. Díol sé an bhó ar chúig phúint. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile, tárla gur dhein sé cith trom agus seo fé dhéin an chlaoidhe mo bhuachaill chun fhuthanna d'fághailt. Bhí casóg mhor aige agus chaith sé anuas ar leach cloiche a bhí anaice leis í.
Nuair a bhí se tirmh seo chun bóthair arís é ach mar a chuaidh, rug sé ar a chasóg agus thairig leis an leach is eile. Cadh a gheobhadh sé fén leach ach sparán mor airgidh. Seo leis abhaile, agus dúbhairt sé le na máthair go bfuair sé an tairgeadh fé clóich agus dar nódh chaith sé é a thabhairt dí. Chuir sise i gcoimeádh sa chómhra é.
Lar na mháireach bhí an mach amhuigh agus connaich sé pedléir ag cuardach i naiche na liche na bfuair sé féin an tairgeadh. D'fiarfhaig sé do cadh a bhí uaidh. Dúbhairt an pedhléir leis ná raibh sé ag cuardach aon rudh. Tá tú ag cuardach rudh éigin arsa n bhuachaill. Annsan dinnis an peidhléir do gur sparán airgidh a bhí istig fé'n lich aige agus nach raibh sé a fághailt. Airiú arsa an buachaill ná fuil sé sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ruiséal
- Inscne
- Fireann