Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “An Feirmeoir agus A Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí feirmeóir mór ann fadó & bhí triúr mac aige gach aon lá do théigdís amach sa goirt ag obair. Aon lá amháin dúbaradar lé chéile go bh'fearróidís dá n'athair cad a dheanfeadh sé leis an d'talmh nú cé dho a thabarfeadh sé é.
    Dúbairt seisean leó imtheacht leó go ceann trí bliadhna & an té is feárr go mbeadh ceárd aighe ac a dtugfaidís gur b'sin é a gheóbadh an talmh. D'imthíghdear ortha & ní fada ó bhaile a bhí duine aco nuair a bhuail foghlaoir leis, do luigh sé leis an bh'foglaoir. Do chuaidh an duine eile aco lé gadíoct an tríomhadh duine lé siúinéireacht.
    Ba gheárr go raibh mac an fheirmeóra níos feárr ar an nguna ná a mhaighistir. I gceann na trí mblian do chasadar ar an dtigh feachaint ce'cu aco a gheóbadh an talmh. D'fiarraigh sé den d'trúir mhac cad é an cheárd a bhí aco. Dúbairt an mac ba shine gur foglaoir é. Dúbairt an tarna mac gur gadaidhe é, & an tríomhahd mac gur siúinéir é.
    Do rug sé amach an gháirdín iad go dtí crann mór a bhí amuigh go raibh nead príocháin anáirde ar. Dúbairt sé leis an ngadaidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry