Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 145
- XML “Séipéilín Ghallarais”
- XML “Loch Chráighlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duíne eile ó shoin aon chuir isteach ar an áith.
- Tá loch Chráighlí suidhte ar an dtaobh thíar do Dhainghean Uí Chúise i gCíarraidhe. Deirtear go raibh Píast Mhor istig sa loch san agus dheineadh sí morán díobhála. Ditheadh sí caoire agus ba agus capaill. Do thagadh morán leanbhaí go dtí an loch chun iadh a bhaiste agus ní mor aco a théigeadh abhaile slán.
Do thárla go raibh Naomh Cuain ag siubhal taobh leis an loch lá agus do tháinig an Phíast amach chuighe agus chaith sé coire air a ceann agus dúbhairt "fan mar sin go luan". Sé brígh a bhí ag an Naomh le luan ná lá an luain agus níor thuig an Phiast sin.
Tímcheall le seachtain na dhiaidh sin do bhí an naomh ag siubhal taobh leis an loch arís agus do labhair an Phíast mar seo leis.
"Is fada an luadn é a Chuain,
I nuisce fuar neamh-fholláin.
Mara mbeadh an coire seo ar mo cheann,
D'íosfhann trían is leath an Domhan.
Ní fheachaidh duine ná daoinuidhe ríamh ó shoin an Phíast.- Bailitheoir
- Séamus Ruiseal
- Inscne
- Fireann