Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Ó Thig Mhóire go dtí Donnachadh Dí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chat dubh. Fé cheann tamaill dárduig an seana chat na seólta agus bhailig sé leis agus an triúr dritheár air bórd aige.
    Fé cheann bliana agus lá, bhí Móire agus a hinghean suidhthe cois na teine agus cé bhualfhad isteach an dhorus chúcha acht fear uasal. Dfiarfhaid sé do Mhóire an dtabarfhad sí a hinghean do le pósad. Dúbhairt Móire go dtabharfhad agus fáilte.
    Dimthigeadar uaithe annsan agus aon lá amháin do bhí Móire amuigh sa gharraidhe ag cháthadh choirce chun císte a dheanam nuair do bhuail chúiche an Inghean agus an duine uasal agus é i ndiaid an Inghean le sciúirse agus sula bhfuair Móire uain air fhocal a rádh le na hinghean dhein dhá splannc don inghean agus don bhfear uasal as chómhair Mhóire.
    Dobh é an seana chat dubh a bhí air bhord na luinge an fear uasal agus diabhal a beadh é agus chuir sé droch chríoch air an gclann go léir. Is é sin a bhí i bharra a cuid bruighne aige Móire.
    Seo cúpla líne a dhein Móire i dtaobh a clainne.
    Oide chlainne Mhóire, a sheól an cat fé dhraoideacht
    Ar bhórd luinge a sheóladar gan aon teóra go bráth.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Kerry