Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 154
- XML “Scéal mar gheall ar Mhanach a Bhí i Séipéilín Ghallarais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí morán manaig thiar i Séipéilín Ghallurais fadó agus do thagad bíadh ó Neam chúcha gach lá. Do thárla go dtáinig maidean fuar fliuch agus tar-éis eirighe dos na manaig chuaid duine aco go dtí béal an doruis agus dúbhairt sé "Nách fliuch an mhaidean í" agus ní dúbhairt sé buidheachas le Dia i naon chor.
Níor tháinig aon bhíad ó Neam go dtí an Manach san an lá san agus chuaid sé amach sa gharraidhe a bhí mor-thímhcheall air an séipéilín agus thosnuig sé ag paidreóireacht chun Dé. Fé cheann tamaill chualaig sé an guth ag rádh leis dul sios i lár srúil Ghallurais agus dul isteach i lár an uisce agus fanacht ann nú go bfásadh Biolar tri mhaide. (Biolar iseadh saghas bláth a fhásann san uisce)
Do chuaid an manach síos go dtí an srúil agus aon oidhche amháin agus é istig i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall O Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry