Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 544

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 544

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 544
  3. XML “Céadach agus Grua Dhearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D’fosghail sé an dá dhoras agus sgaoil sé fear aca amach gach doras agus dubhairt sé leí an té bfeárr leí a leamhaint anois. D’imtigh sí in dhiaidh Céadach agus níor bachadh fear na leath-súil.
    Chuaidh Ceadach agus a bhean isteach i gcoill agus bhain Ceadach mórán adhmaidh ann agus dheín sé tig mór breág do. Nuair a bhí an tig déanta d’imtigh sé ag fiadhach lé na ghadhair agus mhairbh sé oireadh feola agus deunfadh aoinne amháin ar feadh lae agus bliana.
    Dubhairt sé lé na bhean go raibh bliain aimsire ag Fionn Mach Cumhail ó Éirinn air agus go gcaithfeadh sé í tabhairt do. D’imtigh sé air agusníor dhéin sé aon stad go gcasadh isteach go Chúirt Fionn é. Bhí na Fianna go leir ar an ndeinnéar roimis agus ghabhadh Conán I gcomhnuidhe smior na gcnámh go dtagadh an stróinséar “Is feárr a bainfá an greim as ár mbeul” adubhairt Conán “na thabharfá an t-Éadach Cláir agus an Chorn Óir ó Chaol an Iarainn leat”. “Ní bheidh san lé rádh go deó agat liom” arsa Ceadach “Ní luighfhidh mé dá oidhce ar aon leabhaidh, ná ní iosfaidh mé dá bhéile amháin bídh ar aon bórd go dtabharfaidh mé liom iad. D’imtigh sé air agus níor stadh sé riamh na coidhche go gcasfadh isteach go Riocht Caol-an-Iarainn é. “Cuir amach an Corn Óir agus an t-Éadach Cláir arsa Céadach le Caol-an-Iarainn nó mar an gcuirfhir tair ag comhraic”. Buail Céadach buile ar an nguaile comhraic annsan agus dúbhairt sé gur bé féin an fear nár theith siar riamh in-aghaidh a chúil I n-aimsir Catha ná chruaidh cómhrach agus ná teithfeadh go dteithfeadh na túrtóga. D’fiafruigh Caol-an-Iarainn do an raibh puinn fear uaidh. Dubhairt se go raibh “seacht gcuid ar a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris Ó Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair Boilg, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Flaithbheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair Boilg, Co. Kerry