Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 588

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 588

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 588
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhíodh eagla ar na leanbhaí roimis, ach níór ghádh dhóibh san mar bhí sé mín macánta.

    Seo geárr-chúnntas ar bacaig Bhaile Mhúirne:-
    Bhí dream bacach tímcheall annso go dtugtaí ortha bacaig Baile Mhúirne. Is ó Baile Mhúirne i gCorcaig a thánadar, agus bhí fear mór tréan na cheann ortha. Bhí maidí croise aige, agus thugtaí fear na madaí croise air. Theíghidis tímcheall ó thig go tig le chéile, agus sé seo an rann a bhí aca:-
    "Eirig id shuídhe, a bhean mhaith an tíghe,
    Is tabhair dúinn an cíos atá fada riamhg an díol."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is annamh a thagann lucht siúbhail go dtí mo thig ac i rith an t-Samhraidh a thagann an cuidh is mó aca. Ní h-iadh an dream ceadna a thagann i gcómnaidhe. Bíonn earraí beaga a dhíol aca ar nós, gallúnac, lása, iallaca, agus sáspain. San am san ní bhíod ac tighthe beagha ag na daoine agus aon t-seómra amháin agus ba dheacair dóibh slighe d'fághail do lucht siúbhail. Séamus an mhála mhóir duine do's na daoine a bhíod ag imteacht timceall. Oidche amháin a bhí sé ar an mbaile seo i dtig éigin agus nuair a chualaidh na daoine é do bhailigheadhar go líonmhar isteach cuige ag éisteacht leis. Nuair a bhí beirt ó'n mbaile ag gabháil an dorus isteach dúbairt duine aca:- "Feac tá dhá hata air". Nuair a chualaidh fear an mhála mhóir é seo rug sé ar fhód móna ó'n dteine agus do chaith sé ortha é agus mara mbeadh an túisce a theicheadar bhí sé facta aca. Deirtear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal O Uallacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí