Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 558
- XML “Scéal na nGabhar”
- XML “Scéal Sprid an Leasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé nach do a rugadh iad. Cuadhthas ag triall ar an gabhar annsan agus connachtas go raibh barra na téanga do gach gabhar críonna. Cuireadh finneáil throm ar fhear na ngabhar agus thug beirt an Coma na gabhair leó abhaile. Sin é a bhí ag fear na ngabhar de bhárr an t-eiteacas a thabhairt dóibh.
- Bhí beirt fhear sa Daingean lá. Lá aonaigh do beadh é. Bhí sé deannach san oidhche nuair a thugadar fé abhaile. Is gnathach go bhfeictí sprid i lios ar thaobh an bhóthair idir Lispóil agus an Dainghean. Pé scéal é bhí braoinín ólta aca. Nuair a thángadar i n-aice an leasa sheasuigeadar amuigh i lár an bhóthair agus chromadar ar a bheith ag cryáil, deiridís léithe gur anois an t-am aicí teacht chuchu amach, gur b'iad féin na fearaibh dí agus gan a bheith ag chuir eagla ar dhaoine go mbíonn eagla aca roimpe. Ní thiocfadh sí amach. Nuair ná thiocfadh chuireadar an bóthar díobh abhaile. Lean sí trí mhíle do'n mbóthar iad. Nuair a bhí na trí mhíle curtha dóibh aca do sgar duine aca ó'n nduine eile. Do ghaibh duine aca siar agus an duine eile soir. Do lean sí an duine a ghaibh siar agus chrom ar a bheith ag gabháilt air ach má dhéin chosain sé é féin uirthi go dtí go ndeachaidh sí ó's a chionn ináirde agus trí ceirtlín a dhéanamh di féin. Bhuaileadh sí anuas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ioseph De Hóra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Baile an tSléibhe, Co. Chiarraí