Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 576

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 576

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 576
  3. XML “Droichead na nGall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí droichead ann fadó gur b'ainm do Droichead na nGall. Bhíodh alán daoíne marbh taréis na h-oidhche ag spirid a bhíodh dá fheiscint ar an ndroichead so. Chuireadh an spirid ceist ar na daoine agus aoinne ná tabharfhadh freagra ar an gceist dheineadh sí iad a marbhú. Tráthnóna áirighthe bhí fear ag gabháil thar an ndroichead agus do léim an spirid ós a chómhair. Chuir sí ceist air, "Coineal agus coinleóír ann" agus cuir-se leath rann leis sin." D'freagair an file í agus dubhairt:- "An coineal a baintear um Samain do cuireadh sé ceann ar tig" "Coineall agus coinnleóír ann" ar sise arís "agus cuir se leath rann leis sin" An muileann i lár na h-abhann do mheileadh sé thall sa bhus," arsan file. "Coineal agus coinnleóir ann," ar sise an triomhadh babhta, "agus cuir-se leath rann leis sin." "Dá ndeanfá-sa aithrighthe in-am ní bheithfeá mar amhailt (?) annsan." D'imhthig sí mar a shúghadh aon talamh í agus ní fheacatas spirid ná púca i nDroichead na nGall ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Na Ráithíneacha, Co. Kerry
    Bailitheoir
    Dómhnall O Cíobháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Ráithíneacha, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Dómhnall O Cíobháin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65