Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá cheárdcha sa pharóiste seo fé láthair, lé Tomás Ó Néill iseadh ceann aca agus lé Pádruig Bhailís an ceann eile. Bhí muínntir Thomáis Uí Néill na gaibhne ríamh, ach ní raibh muinntir Bhailís. Is i gCeann Trágha atá an dá cheárdcha suídhte. Tá ceárdcha Thomáis Uí Néill i naice na fairrge ar an dtaobh dheas don mbóthar atá idir Ceann Trágha agus an Daingean. Tá céardchain Bhailís ar an dtaobh clé don mbóthar céadna.
Aon teaghlach amháin atá istigh i ngach céardchain dóibh. Tá cuma tríanthanach ar an mbuilg. Is iad seo na h-úrlaisí a bhíonn ag an ngabha i mbun a chuid oibre - inneóin, casúr, tlú, orsail agus tarrainí. Cuireann sé cruidhte fé capaill, phunairí agus fé asail. Deineann sé céachtaí agus bracaí a dheisiú. Deineann sé suich do leasú agus spealanne nua do chur I dtreó agus buinn a chur fé rothaibh. Oibrigheann an gabha amuigh fé'n aer nuair a bhíonn na laetheanta bhreágh. Is amuigh fé'n aer a chuireann sé na cruidhte anáirde. Seo abairt a bhaineann le gaibhneacht:-
Ní phósfainn féin an gabha dubh,
An gabha dubh, an gabha dubh!
Ní phósfainn féin an gabha dubh
Mar bíonn sé dubh sa cheardchain.
Deirtear go gcimilebchfaidhe uisce céardchan do suile tinn é nú do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Beodláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fán, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Labrás O Murchadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76