Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Do chothuig biadh an ghráinne nár fhás i ndrom ná i gclais" arsa an cailín agus do labhair sí arís leis an mnaoi sidhe - "Cuirim-se mar bhreith agus mar cleasa droma draoidheachta ort" arsa sí "gan féachaint i m'dhiaidh go gcuirfear mé díom an maol chnoc."
D'imthig an cailín léi annsan agus Seánach Séamuis i n-aoinfheacht léi. Ní rabhadar i bhfad as an slighe nuair do labhair an bhean sidhe arís:- "Ná beireadh tuitim na h-oidhche ná eirighe lae amuigh arís air nó má bheireann is liom-sa arís é." Pé sgéal é tháinig Seánach Séamuis abhaile acht níor chríochnuig sé an bhliadhain nuair a rug an t-sean-chailleach léi arís é agus ní fheachaidh aoinne riamh ó shoin é.
A CríochSiobhán Ní Shúilleabháin
1. Ainm an duine ó'n a bhfuaras an sgéal:- Pádraig Ó Súilleabháin
2. A Seoladh:- Baile an Lochaig, Baile na nGall, Co. Chiarraí.
3. A Aois:- 68 bl.
4. Gairm Beatha:- Feirmeoir beag
5. Cá'r tógadh é:- Baile 'n Lochaig
6. Cé d'innis an sgéal do:-
7. Cá mhéid bliadhan ó shoin:-- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry