School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 236
  3. XML “Aimsir an Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhéine an t-ocras a bhí ortha.
    Aon lá amháin thárla gur chuaidh bean bhocht ag iarraidh braon de'n anbhruithe ortha. Bhí an bhean bhocht gan greim d'ithe le dhá mhí agus ní bhfuigheadh sí oiread is blaise dho i dtaobh ná glacfadh sí leis an gcreideamh nuadh acht ní dheinfadh sí é sin. Níor dhein sí aon rud ach iompódh ar a sáil agus dul go dtí an tráigh agus a dhóthain de bháirnigh d'ithe agus deirtear ná faca sí aon lá bocht as san amach.
    Annsan thosnuigh an sagart paróiste ar mhin a thabhairt amach mar déirc do na daoine bochta, ach ní mór a fuair aoinne acu mar bhí an-iomarca á lorg air, acht dá laighead é dhein sé cabhair. Deirtear go mbiodh an stábla a bhí in aice tighe 'n tsagairt lán de dhaoine istoidhche i dtreo go mbeidís ar an gcéad dream ag an doras ar maidin chun an min d'fagháilt. Is mó tigh a bhí gan aon gráinne dhí, agus gheibheadh tighthe eile timcheall le seacht gclocha agus mar gheall ar sin bhí an méid ceudna daoine ag fagháil bháis. Deirtear go mbiodh gach aon tráigh go mbiodh báirnigh ann lán de dhaoine dhá mbaint mar is ortha san a bhíodar ag maireachaint i dtaobh ná raibh aon rud eile acu le n-ithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry