Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 432

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 432

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 432
  3. XML “Briseadh Long”
  4. XML “Briseadh Long”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Muircheartach agus Cuirc ag cuardach i measc na gcloch lá agus cad a fuaireadar ach ladhar do phíosaí óir. Choimeádar 'na rún é, bhí ag eirghe go geal leo go dtí go bhfeacaidh fear eile an t-ór buidhe á bhailiú acu. Chuaidh an scéal amach agus fuaireatheas luach dhá chéad púnt 'na dhiaidh san, ach deirtí go raibh na mílte ag an mbeirt. Fuairtheas leis léinteacha agus éadaighe t'réis briseadh na loinge agus an ainm Ó Mulláin scríbhte ortha. B'shin é an fear a mhairbh an Captaen agus ba ó Abha-na-Scáil é. Do réir deallraimh dhein sé mórán airgid in Aimeiricé Theas agus bhí an saidhbhreas ar a phearsain aige ag teacht abhaile dho. Ní bhfuair a dhaoine muinnteardha féin pingin ruadh de'n airgead ach cheannuig an bheirt fhear a fuair an saidhbhreas go léir feirmeacha talmhan in a dhiaidh san.
    Mícheál Ó Cinnéide(70 bl) Feirmeóir
    Na Dúnta, Liospóil.
    Fuair sé na tuairisgí ón a athair atá caillte le fada.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Mícheál Ó Cinnéide, Na Dúnta
    Deireann Mícheál Ó Cinnéide go bfheachaidh a athair(Seán Mhichil) h-ocht déag n-árthaige raiceálta ar chóstaibh Bhágh an Daingin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry