Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 456
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seán isteach go dtí Síle. "Tabhair amach an píosa bréide," arsa Seán, "go ngearrfaidh an táilliúir mo chulaith." " Bhí fear annso ó chianaibh, agus tugadh an píosa bréide do, do thabhairt do Dhonncha mar is fearr d'fhear é ná tusa." "Tá mo chroidhe scólta cráidhte riamh agat," ar seisean, agus d'imthig sé amach an doras agus i ndiaidh fear an asail, agus do chuir sé an bóthar síos de i ndiaidh fear an asail. Nuair a chonnaic fear an asail an fear ag déanamh chuige do chuir sé an t-asal is an chairt isteach fé shúil an droichid. D'fhág sé annsan iad, agus do sheasaimh sé féin anuas ar an droichead. Nuair a tháinig an fear suas leis d'iarraidh sé dho an bhfeaca sé fear asail agus próca ime. Do chonnac, d'eirig asal, fear agus cairt ó dhrom an droichid agus féach, ar sé sin, d'imthigh fear cairt agus asal fé sna scamaill agus féach a eirbeall amach." "Is maith a ghéillim dhuit a dhuine galánta."
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gabhlán Ard, Co. Kerry