Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 783

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 783

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 783
  3. XML “Buailín an Chrú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sagart sa pharóiste seo fadó gurab é ainm a thugadh na paróisteanaigh air ná Seán bráthair Ó Chonchubhair. Maidin Dé Luain bhí sé á bheárradh féin agus thuig sé nár cheart é dhéanamh Dé Luain.
    Lá ar na máireach cuaidh sé cun faoisdin agus d'innis sé do'n sagart gur bheárr sé é féin Dé Luain agus cheap sé nár cheart é dhéanamh an lá san. Ní thabharfadh an tsagart aspolóid dó mar gheall ar géilleadh do phiseóga seana mná. Chuir an sagart é go dtí Cill Áirne a triall ar an Easbog. Ní thabharfadh seisean aspolóid ach cómh beag agus chuir sé go dtí an Árd Easbog é. B'é an sgéul céadna é ag an Árd Easbog agus chuir seisean é go dtí an Papa san Roimh. Seadh, d'innis sé a sgéul do'n Phápa. Dubhairt seisean leis dul ar a lóisdín go dtí an maidin agus teacht tar nais lá ar na máireach. Nuair a chuaidh sé a'triall ar an bPápa d'órduigh seisean dó dul amach sa gháirdín agus gach aon nídh a chífeadh sé é thabhairt fé ndeara go maith agus an t- iongantas ba mhó a chífeadh sé é innsint dó féin nuair a thiocfadh sé isteach. Níor thug sé ionghantas ba mhó ar aon nídh ná ar nead a chonnaic sé go raibh seacht gcinn d'uibhe innte -
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Dhúbhda
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Séamus de hÓra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Kerry