Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 815

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 815

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 815
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí na "Stations" cun bheith i dtig éigin i Mullach Bhéal sa paroíste seo. Tháinig an sagart agus na daoine mór-tímcheall na h-áite act do dhein an sagart dearmhad ar an fíon altórach agus dá dtéígheadh sé á dh'iarraigh beadh sé ró déanach nuair a thiocfadh sé thar nais. Bhí fear dar ab-ainm dó Mícheál Ua Muircheartaigh ó Ceapach sa tigh agus dhubhairt sé go raghadh sé treasna an chnuic go dtí an Dainghean fé dhéin an fhíona. Bhain sé a bhróga dhe agus cuir sé an cnoc de. Bhíodar ag magadh fé mar gheall ar é dul, mar tá an Daingean sé míle ó Mullach agus thógfadh sé cúpla uair cun an turas san do déanamh. D'fanadar sa tigh ar feadh tamaill agus bhí an sagart cun dul abhaile nuair a conaic sé Mícheál ag teacht anuas an cnoc leis an fíon. Uair a' chluig a thóg se uaidh. Bhí cáil air as san amac mar gheall ar a rith maith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallacháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Cheallacháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Clochán, Co. Kerry
  2. 1) Bhí beirt fhear i Lios na Caol Bhuidhe darab ainm dóibh Seamus Ó Ruairc agus Séamus de hÓra agus bhíodar ábalta léim amac tré a dhá láímh agus iad dúnta ar a chéile. Bhíodar ábalta a dhá ceann a cur idir dhá spocaí rotha agus na cosa cur síos idir dhá spócaí eile agus greim a breith ar dhá spócaí len a lámha agus an cairte ag imtheacht.
    2) Bhíodh fear dar ab ainm dó Tomás Ó Súilleabháin ó Bhreandán ag dul go dtí Traíghlí le cliabh éísg agus biodh cairt agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.