Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'réir "Brendaniana" Ba "Cill Duibhdin" ainm na h-áite in-Allód. Taoiseach ab' eadh Ó Duibhdin ar Cill Fhlainn go raibh úghdara aige taobgh theas de Sléibhte Staic. Cómh déanach leis an 14adh aois bhí Cill Dubh i nDéadhanacht Cille Flainn (Brendaníana)
2) CILL-BHÁNTá lios i bhfeirm Bean Uí Chárthaigh. Deirtear gur cealltrach atá ann. Níor cuireadh aoinne ann lé cuimhne an duine ba shine sa chómhursanacht. Deirtear go raibh sé ina reilig timcheall 400 blian ó shoin.
3) CILL CHAMSean reiligh iseadh í seo i bhfeirm Cathail Mhic Chárthaigh. Sin mar a mharcáltar í i léarscáil dúithche na h-áite sin. Tá sí suidhte i lár na páirce. Tá rian ciorclach an dúna (nó an leasa) - do leagadh - lé feicsint fós. Timcheall an dúna so bhí pairc dhronuilleógach ina gcuirtí na mairbh fadó. Ar an dtaobh thiar theas tá logán fíor-uisce - ar a dtugtar "Tobar an Loin Duibh." Téigheann casán fó-thalamh ó lár an Dúna go dtí áit ar a dtugtar "Geata na Sídheóg" ar bharr na Carraige ( i mbaile Clochair) in-aice lé tigh Bean Uí Chonchubhair. Ar an dtaobh thuaidh de seo tá rian sean-fhothraigh (25 slata ar fhaid). Fuarathas fuighligh cnámh agus cómhrann sa pháirc nuair a bhítheas(leanann ar an chéad leathanach eile)