School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 304
  3. XML “Laethanta na Riabhaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Laeteannta na Riabaice iseadh na trí laeteantna deiridh de'n Márta nó an chéád trí lá de'n Abrán. Níl aon deimhin ar ciaca mí de'n dá mhí go mbaineann na laeteannta so léis ach is deimhin go mbainid le mí éigin de'n dá mhí sin. Is minic a d'airigeas gur ó Márta a bhaineadar agus gur b'iad ná trí laeteannta deiridh de'n mhí iad, agus cuid eile aca a rád gur bhiadh an chéad trí lá den Aibrean iad.
    Seo mar a tugadh laeteannta Riaibce orta an chéad uair. Bhí bó riabhach ann tráth éigin fadó agus bhí Márta an fhuar agus an gharb. Fuair an bhó a dóithin de'n aimsir, agus d'réir deallraimh is ar éigin a rug sí a h-anam léi. Ach pé scéal é fuair sí an buadh ar an Márta san, agus nuair a rug an chéad lá de'n Abrán uirthi, cheap sí go raibh sí saor ó bhaoghal fearta.
    Do léim sí ar a corp agus do labhair go neamh-spleádhach agus a dúbairt , a Márta Fealltamhail, d'á déine a thugais fúm, níor fhéadair deireadh a cur liom, agus anois ó tá an " t-Abrán bog braonach" tagaighthe, is beag é mo beann ort ". Ní dubairt an Márta focal, ach dul agus trí lá dhiarradh ar iasacht ar an Abrán. Fuair an Márta na trí laeteannta. Agus cad do dhein sé? Séid sé gaoth agus feartainn chómh trean in Éirinn a's do b'feidir leis é. Lean sé de'n seidead sin ar fead na dtrí lá. A leithéid de ghaoith agus d'feartainn níor tháinig roimh agus bhí tuilltheacha thar teóra ann. Fé ceann na dtrí lá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. the Days of the Brindled Cow (~51)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Concubair
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Uí Cártaig
    Gender
    Female
    Address
    Nedanone, Co. Kerry