School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 310
- XML “Nós Eile Fós”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deintí teineadh amuigh ar an bpaírc nó ar maca na mbó agus is dóig liom go ndeintí braon uisce coisrighthe do chrocadh (?) uirthi. Annsan nuair a bíodh an teine ar lásadh d'faightí scathán mór aitinn críon agus do lastaí ar an dteine é agus do tharaingítí an scathán aitinn sin agus é ar lasadh tré na gortaibh 'na míodh na prátaí, an coirce, agus na barraí eile ag fás agus tré na mhóinfearaibh cómh maith. Gan amhras ní fhanadh an chead scatán a lastaí ar an dteine ar lasadh as son sara dteigeann sé in éag agus deineadh san an gnó cómh maith a's dá lastaí ar an dteine é agus dá mbeadh gabhadh leis d'feadfaí ceann eile do lasadh as san arís go dtí go mbeadh deireadh (?) déanta.
RUD EILE FÓSSé sin a mbíod de bheithidheacaibh ar an bfeirm do bailiú i dteannta céile agus scathán do lasadh ar an dteine annsan buille de'n scathán san bualadh ar gach beithidheach aca le na linn sin in "Ainm an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naomh" a rá.- Collector
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Gender
- Female