Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- Curraheen, Co. Kerry
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 311
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsear na h-inide is mo a phósann daoine 'na h-áite seo. Deintear alán cleamhnaistí sa cheanntar so. Tugann siad stuic agus airgead de réir mara mháirseálann siad iad. Tá na buachaillí tuighe ann le sinnsearacht. Bíonn hátaí árda tuighe ortha agus bíónn cadhp tuighe ar a slinneánaibh agus uaireannta bíónn sciorta tuighe ortha síos thar a griomáin. Bhíonn maide maith ag gach aenne aca. Tagann siad isteach agus rinnceann siad. Faghann siad deoch nó dhá. Dream onóireach iseadh iad. Annsan bailigheann siad leó. Bíónn fáilte i n-áiteanna rómpa agus i n-áiteanna eile ní bhíonn.Sa tsean-aimsear do thagadh na sagairt go dtí na tighthe chúha chun an lánmha do phósadh ach ní dheineann siad é sin anois i n-aon chor.Le déánaidhe caitheann siad go léir dul go dí an séipéal. Ní bhíonn aon pósadh i Mí Bealtaine ná i Mí Lughnasa ar eagla go dtiocfadh mí-rath ar an mbeirt. Míósa ana rathmhar is eadh Márta, Aibreán agus Meitheamh.Caitheann gach cailín rud éigin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Curráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Reennanallagane, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Reennanallagane, Co. Kerry