Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 330
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chailín agus bíonn muinntir an bhuacalla ann leis.
Téigheann siad go dtí séipéal insan gcóisire. Is aoibhinn an rud chóisire. Bíonn gach aoinne go h-aerach an lá sin. Éudaighe Domhnaig ar gach aoinnne. Bíonn capaill ar cosa anáirde. Fadó chuaidh an cailín óg agus an buacaill óg go dtí an séipéal, ag siubhal, nó i dtrucaillibh, nó ar mhuin capall.
Anois bíonn gluaisteáin acu. Téigheann siad isteach san séipéal agus pósannn an sagart ann iad.
Lánamha a tugtar ortha ansan. Taréis an pósta, tagann siad amach. Bíonn gach aoinne ag déunamh comhgháirdeacais leó agus ag crothadh lámh leis an lánamha nua pósta. Téigheann muinntir na bainfeise go léir go tig an óil agus bíonn siad ag ól is ag rinnche. Fillean siad abhaile ansan go tig an pósta an oidhche sin. Bíonn féasta bainfeise acu. Bíonn lachain, géana agus turcaithe ghá n-ithe acu. Rinncheann siad go dtí maidean lár na mháireach. Tagann na "buacaillí tuighe" go dtí an tig agus ólann siad piúntanna de portar dubh agus itheann siad a ndoithin.
Bíonn hataí móra ortha agus aghaidhthe feidil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Rioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry