School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 400

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 400

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 400
  3. XML “Scéilín Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fuaireas an sgéilín seo ó
    Bean Uí Shiochfhradha (80 bliana)
    Cooma tSleacháin
    Dair Fhionáin
    “Sgéilín grinn”
    Bhí sean-fhear de mhuinntir Shéaghdha sa lóchtar tá tamall ó shoin a bhí cráidhte céasta aige. Bó bradach a bhí aige. Pé ceangail laincis crobh-nasc urcal, nú clár a chuireadh sé fúithi nú uirthi níorbh aon tairbhe é. Théidheadh sí tar teórainn dá aimhdheóin. So deire d’fhonn agus na beadh sé féin agus na comhursain ar sgórnaig a chéile in gheall uirthe, thiomáin sé go dtí aonach na cathrach í.
    Ní fada bhí sé ann nuair a dhíol sé le ceannuidhe ó Cill Áirne í, ar roinnt mhaith airgid. “Seadh ‘nis,” arsan ceannuidhe, “tá do chuid airgid agat agus an bhó so agamsa, a bhfuil aon locht uirthe ná feicim fém’ shúilibh cinn.” “Ó Mhuise, mo lámh agus m’fhocal duit ná féadfá a shárúghadh d’fhághail mar bó bhainne.” “Seadh! Seadh!! Ach a’ bhfuil aon locht eile uirthe, a’ ndocrteadh sí a chuid bainne, nó a’ bhfuil sí buaileach nó bradach.” “Ní thógfadh sí cos agus ní bhuailfeadh, ach dá dtabharfadh sí aghaidh ar chlaidhe bheadh sí ar taobh éigean de.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Shiochfhradha
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Com an tSleabhcáin, Co. Kerry