School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 404

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 404

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 404
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Lá amháin nuair a bhí na Fíadhna ag fíadhach, thánghadar go caisleán mór áluinn agus chuadhar isteach ann...

    Lá amháin nuair a bhí na fíadhna ag fíadhach, thánghadar go caisleán mór áluinn agus chuadhar isteach ann. Ní raibh aoinne rómpa ach bhí bórd i lár an úrlaír agus é réidh le gach saghas áthraisí agus fíonna agus bíadh.
    Do suidheadar síos go compórdach agus thosnuigheadar ag iththe agus ag ól mar bhí ocras ortha. Nuair a bhíodar chun imtheactha is amhlaidh a bhí gach duine ceangailte desna cathaoireacha. Do eagain fionn a órdóg agus dubhairt sé go raibh dhá prionnsaí dubha ag teacht chun iad a mharbhú, agus ní raibh le déanamh aca ach iad a mharbhú, agus a gcuid fola a chimilt desna cathaoireacha. Níorbh fhada gur thánghadar ach do mhairbh na fíadhna iad.
    Do thánghadar ar an fhuil do chimilt desna cathaoireacha agus bhí gach duine ag teacht asta gan trioblóid, ach nuair a thánghadar go Conán ní raibh aon braon fhola chun é thogaint as an cathaoir agus bhíodar ag imteacht. Ach dubhairt Conán ar son Dé gan é fágaint na ndíaidh. Níor dhein Oscar ach é tharrac agus leig sé a chroiceann ‘nadhiaidh. Níor dheineadar ach dul amach agus caorach a mharbhú agus croiceann na caorach a chur air in ionad a chroiceann féin. As san amach bhí olainn a dhóithin air chun stocaí a dhéanamh don fhíadhna go léir agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Address
    Ochtaibh, Co. Kerry