School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí beirt leanbh aici, Cathall agus Feethal ab ainm dóibh. Bhíodar ana bheag agus ní raibh aon méid ag teacht ortha. An lá so d'imigh sí léi agus do dhearmhad sí rud éigin . Chas sí féna dhéin , agus cad a bheadh ach an bheirt istigh ag rinnce , agus seo mar a bhí acu dhá rádh. Rinnc do dhóthain a Fheethil," agus seinm suas an ceol dom a Chathaill". Do chuaidh sí go dtí fear aosta a bhí ar an mbaile, agus d'innis sí a scéal dó. Dubhairt sé léi iad do thógaint léi go dtí droichead áirithe, agus duine acu chaitheamh ar an dtaoabh shuas d'en droichead ,agus an duine eile ar an dtaobh shíos agus go mbeadh a beirt féin roimpi sa bhaile. Do dhein sí mar a dubhairt sé léi. Thóg sí lei iad an lá so ,agus nuair a tháinig sí go dtí an droichead chaith sí duine ar an dtaobh shuas de agus duine ar an dtaobh shíos de. Agus sé an rud adubhairt Cathall le Feithal " an cos cam ar an gcorra caoil." Ba mhaith dhuit a chaillig mar do mharbhcochainn -se tú" Nuair a tháinig sí abhaile bhí a beirt féin roimpi.
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry