School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fada a chuadar nuair a bhuail cruiceóg beach leó agus beacha inti. "Téir fé dhein na cruiceóige san, a Pheadair, agus tabhair chúgham crobh beach aisti," adubhairt an Slánuightheóir. Dhein Peadar mar a dúbhradh leis. Thóg sé amach i n-a chrobh iad, ach má dhein do chealgaig ceann acu a lamh, agus chuaidh an teinneas buile chómh fada leis an gcroidhe aige. Níor dhein sé ach a dhorn d'fháscadh ortha agus dhein sé cístí marbha de gach ceann acu. Thug sé leis chun Ár Slánuightheóra iad mar sin. "Faire, a Pheadair, cad é seo mar ghníomh déanta agat ar na beachaibh bochta nó cad na thaobh gur mharbhuighís iad?" arsan Slánuightheoir. "Cad é mo leigheas-sa ortha? Do cealgaig ceann acu mé," arsa Peadar. "Agus cad na thaobh nár mharbhuighis an ceann san agus an chuid eile a shaoradh? arsan Slánuightheóir. Ach níor fhéad Peadar aon freagra a thabhairt air agus d'imthigheadar ortha.
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry