School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Castletownroche, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht do scríobh sé an teistiméaracht dó.
Ní fhéadfadh an spriunlóir léightheoireacht na scríobhnoireacht do dhéanamh agus dá bhrígh sin níor thuig sé cad do bhí scríobhtha ann. D'imthigh sé fé dhein tigh an t-sagairt, agus é lán t-sásta. Ambasa bhí deire leis an bpósadh nuair a léig an Sagart an rud a scríobh Eoghan Ruadh."Do bhuail liom Risteárd lán de chrosa agus de chrostáil
Ar dhrom gearráin ná raibh díolta as
Níl aige ciotal ná corcán, slige ná sliogán
NÁ FIÚ AN BOTHÁN GO BHFEADHFADH AN BHEAN SO LUIGHE ÁNN.
Do mhairbh sé Siobhán agus do bhris sé a slinneán
Agus níor thaise ag an mbochtán a bhí aige roimpi é
Mar do bhíodh a cliathaín chómh dubh le cadhrán,
Agus ba mhinic ar feárán[?] aige n a muintir í.Do réir mar chloisim a chás bíonn sé ag siubhal bóthán agus ar na cnocháin biónn bruidheanach, agus a Athair Tomás má thugann tú bean do Risteárd bí féinigh freagarthach innte".