Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 09_021
- XML “Lá Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó ghlúin go glúin ó nár sinnsear agus sin é an fáth go ndéantar (croisóg) crosóg. Deirtear freisin gurb g’ó rud a fhásann ar do chuid talamh féin is ceart an crosóig a dhéanamh. Seo paidir a deirtear go chrosog Bhrighde. “Go mbeannuighe Dia, An t-Athair , An Mach, agus An Spiorad Naomh an chrosóg seo, an áit a gabhann sí agus gach duine a fhéachas uirithi.” Tugtar íasg beó isteach Lá Féile Brighde ionnas go mbeadh iasg fairsing ar feadh na bliadna. Ar oidhche Brighde teigheann na cailíni beaga thart leis na brighdeóga o theach go teach agus iad ag damhsa agus agus casadh puirt agus annsin tugann siad piginn no ubh dhóibh. Bíonn an lá ag dul ’un sínead ó Lá Brighdhe amach agus go breágh freisin. Dubairt Naomh Brighid gach re lá ó mó lá sa amach. Bíonn na huain óga dhá bhreith freisin.(leanann ar an chéad leathanach eile)