Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 182
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin cuirtear isteach sa gcuigeann í. Cuireann sí an clár ós cíonn an luitne agus an cláibín ós cíonn an chláir. Annsin buaileann sí an bainne leis an luitne ar feadh leath-uaire nó mar sin tosuigheann an t-im ag teacht ar bárr an bhainen í la liathróidhí beaga, annsin bíonn an maistread déanta.
Seo sgéal a chuala mé. Lá amain bhí fear ag dul go dtí a pháirc cun na prataí a bhaint de. Bhí sé ag dul thar thigh ar thaobh an bhothair. Do chuaidh sé isteach sa teach cunn a phíopa a lasadh. Bhí bean an tighe ag déanamh maiste, níor thúg sé aon dreas agus nuair a bhí sé ag ól té as an búideal bhí im ar bhárr an te. Níor ól sé an té acht nuair a bhí sé ag teacht abaile do chuaidh se isteach sa teach ar lás sé a phíopa ar maidin agus bhí an bhean ag déanam an maistre ó d'dágh an fear an teach ar mhaidin go raibh sé ag teacht abaile acht níor thainig aon t-im ar an mbainne. Annsin chaith sé isteach an t-im a raibh ar bharr an te agus annsin thosuig an bean ag bualadh an bainne arís leis an luitne agus í cúpla nóiméid bhí an maistréad réid.- Bailitheoir
- Máiréad Ní Cuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann