Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)risiní is cuirniní agus coinnle móra bána nó dearga.
An fhaid is a bhíonn m’athair agus mó mháthair ins an mbaile mór téighimíd ag bailiú cuilinn is labhrais is eidhneain agus cuirimíd ós cionn na bpictiúrí iad. Nuair a thagann Oidhche Nodlag leagain mo mháthair an bórd i lár an urláir agus suidhimíd go léir ag an mbórd. Ar dtús lasann an duine is óige sa tigh coinneal na Nodlag. Fagann mó mháthair ar an bhfuinneóig í chun solus a thabhairt do Mháthair De. Bíonn an doras ar osgailt againn agus craitheann mo mháthair an t-uisge coisreacan ar fud an tighe agus deireann sí “sláinte is compórd don líon tighe go dtí go dtagann an Nodlaig aris”. Annsin geibheann m’athair buidéal fuiscí no buidéal poitín agus tógann sé braoin do gach duine sa tigh agus deireann sé “gur i seacht bhfearr a bheimís an t-am seo aris”.- Bailitheoir
- Brigidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo