Scoil: Coillíní

Suíomh:
Na Coillíní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Ss. Ó Roithleain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coillíní
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Proverbs and Sayings”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) Da bfeicfhea réalta a tuitim bheadh anam ag dul go dtí na Flaithis

    (2) Da bhfeicfhea gadhar ag ite féir bheadh báisteach air

    (3) Duine ar bith a bhearfaí Dia Domhnaigh ní fheicfheadh sé aon taidhbhse go deo

    (4) Dá gcloisfeá an chuach agus tu a bheith cromta, ni éirighótha an bhlian leat

    (5) Da mbeithea ag dul ar aistir agus ruadh a chasadh leat ni bheadh an tádh ort

    (6) Dá gcloisfheá ceol in do chluas bheadh duine eicínt ag faghail bháis

    (7) Da mbeadh do cluasa te bheadh duine eicínt ag cúl cainnt ort agus ní ar mhaithe leat e

    (8) Nuair a bheas daoine ag teacht o teine Chincis(?) caitheann siad splanc ins na fatai ar fhaitchíos go dtubradh na sidheógaí leo iad.

    (9) Dá mbead tocas in do láimhe clé ba ghearr go bfaighfea airgead
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge