Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine aca imthighthe amugha. Tháinig fear an la seo agus chuir sé ina líne iad agus chomhairigh sé iad agus bhí an dá réág aca ann. Is amhlaidh go rabh an té abhí ag comhaireadh ghá fháail féín amach i gcomhnuidhe.D'fág a máthair i mbun an tighe an lá seo iad agus chuir siad an túlán ar an teine. Nuair abhí an túlán fuichta bhí siad uilig ina suidhe thart ar an teine agus na cosa sinte amach uatha. Ní éireochadh ceachtar aca leis an túlán a thógáíl mar bhí faitchios air dá gcorróchadh sé nach iad a chosa féin a thógfadh sé leis. Bhí siad in droch-chaoi go dtáínig bean isteach agus gur mhínigh siad an sgéal dí. Thóg sí an túlán agus leig sí steall de'n uisge anuas ar an teaghglach taobh leis na cosa agus ní rabh siad ibhfad annsin ag bailiú na gcos.
ó na Páistí Uilig