Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 220](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_220.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 220
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 220
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcuimhniú chomh mór léí. Tá sé trí sgór bliadhan anois ó thárla sé sin.
Domhnach Choirm (Chroim) Duibh:- Seo an Domhnach deireidh de mí Iúil. Bhí Crom Dubh ina chomhnuidhe i mBaile Chaisil in Aimsir Phádraig Naomhtha agus tá an Domhnach seo mar chuimhneadh air. An lá sin téígheann an t-Aos óg amach go dtí na gleannta sléíbhe agus na h-altracha ag piocadh fraochóg. Ba mhór an lá é fadó san áit mar bhíodh daoine ó gach áit bailidhthe le chéile agus bhiodh fleadh agus féasta ceol agus spórt aca chomh maith leis na fraochóga.
Na Páístí Uilig.