Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “Féile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn Féil' Bríghde ann an chéad lá de Feabra. Tá meas mór ag muintear na h-áite seo ar an Naomh. An oidhche roimh an Féile téigheann Bríghdeóigí thart ó theach go teach agus éadaighe bréige ortha ionnas nach mbeadh aithne ag duine ar bith ortha. Déann siad ceól agus damhsa i ngach teach Bailigheann siad go leór airgid. Déanann an fear an tighe cros i n-onóir Naomh Bríghid, agus crochann sé suas ar bhárr an tighe-é go deireadh na bliadhna. Creideann na daoine tré cúmhacht Naoimh Bríghde go mbéadh an teach slán ó gach anachan. Crochtar ball éadaigh taobh amuigh ar eagla go mbéadh call leis ó Naomh Bríghid. agus fágtar amuigh é go maidin. Má thagann galar ar duine nó ainmhidhe deirtear go leiseócaidh sé iad.

    Bríghid Ní Fhlannaidhle
    Rang a VII
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Fhlannaidhle
    Inscne
    Baineann