Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Na Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear darb ainm Budicum ata i n-a thighearna talmhan i Gleanntorc anois. Cheannuigh sé é ó fear eile darb ainm McCalum. Bhí McCalum i n-a droch-fear. I n-aimsir an ghorta chaith sé suas le fiche teighleach as seilbh a gcuid talmhna nuair nach rabhadar ionnan an cíos a íoc. Tá sé raidhte go riabh sé ag marcaidheachtlábhí tuile san abhann an lá sin agus ní raibh aon droichead san abhann; Shíl sé an capall a chur treasna na h-abhann. Ní dheárna sé acht a lámh a chuir síos i n-a phóca agus pistiol a thabhairt suas agus an chapall a mharbhú. Dubhairt sé na intinn féin nach mbeadh sé lé rádh ag duine ar bith go raibh sé ag marcaidheacht ar capaill nach raibh sé de mhisneach ann a dhul treasna na h-abhann. Ní raibh aon airgead ag na daoine agus is le coirce d'iocfadh siad an cíos;

    GLEANCUILLINN IOCHTARACH
    Fear darb ainm Ó Riallaigh atá na thighearna talmhan ar Gleanchuillinn Iochtarach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Heanraoí Ó Cearáin
    Inscne
    Fireann