Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 235a
- XML “Saibhreas Inbhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín ann fadó agus tá sé ráite go raibh an mhéid sin óir aici nach raibh fios aici céard a dhéanfadh sí leis. Ar chuma ar bith cheannaigh sí long agus chuir sí a cuid airgid ar bord agus bhíodh sí ag bádóireacht thart ar na farraigí ? Éire agus an mór-tír.
Uair amháin tháinig sí go hinbhear agus ar feadh seachtaine bhí sí ag dul thart ? na cóstaí. Lá amháin nuair a bhí sí ag bádóireacht thart d'ordaigh sí do na mairnéalaigh an t-ór a chur isteach amach san bhfarraige. Rinneadar amhlaidh agus nuair a bhí sé déanta acu léim sí amach ina dhiaidh.
Tháinig faitíos ar na mairnéalaigh nuair a chonnaiceadar sin agus tháinig siad i dtír chomh tapaidh is ar b'fhéidir leo. Annsin cuireadh fios ar dubhsnámhuidhe nó 'divers' a bhí i mBaile Átha Cliath, agus tháinig beirt acu. Chuaidh ceann acu síos faoin uisce san áit a ndeachaidh an cailín a's an t-ór síos.
Taréis nóiméad thainig sé aníos agus séard dubhairt sé 'tá cúigear boscaí d'ór shíos annsin acht tá eascan mór mar gharda(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Muinghille
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo