Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 330
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Dubh-Aírc an baile a bhfuil comhnuidhe orm. Cill tSéine an t-ainm ata ar mo pharroiste agus Iorrais ar mo bharúntachta. Tá dhá sgór go leith de thighthe sa mbaile seo. Tighthe cluduigthe lé iarann is coitchinne ann.
Is beag teach ceann tuighe a d'fheicfeá ins an áit anois acht amháin corr ceann fánach annseo agus annsúd. Ní raibh aon teach sa 'líne úr' i dtosach mar bhí siad go léir thíos ar an gcladach. Timcheall is sgór go leith bliain o shoin a deineadh iad. Is e 'Cumann na gCeanntar gCumang' a rinne doibh iad.
Tá cupla teach cludaighthe le sgláraí ann. Tá go lor sean-daoine san áit agus is féidir leo sgéalra a innsint i mBéarla agus i nGaedhilge.
Seo cuid acu: -
Cait (Bean) Uí Guidhir.
Eoghan O Cathán.
Padraig Mac Gamhain.
Maire (Bean) Uí Chinnéide.
Is gnáthach le go leor daoinibh a dhul go America on áit seo. Níl an talamh saibhir sa pharróiste agus nil aon chuid de faoi coillte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cinnéide
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo