Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 417
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)In aimsear an droch shaoghail is ins na dúthaigh a cuireadh na daoine a fuair bás leis an ocras. Chuile lá sa t-seachtmhain bhíodh triúr nó ceathrar marbh agus cuireadh iad sin gan cónra ná éadach. Éabhar agus Seán Tónaí a bhí leagtha amach leis na cuirp a iomchur chun an Cillín ins na dúthaigh. Istigh i bpluid agus bráithlín thart ortha a bhíodh na cuirp agus greim ag an mbeirt óighfhear ar na coirnéil. Thagadh corpanna i dtír leis an t-sáile go mion minic agus b'iad an bheirt seo a chaitheadh iad a chuir.An tráth sin tháinic cloigeannfir i dtír agus cuireadh é leithchéád slat ó'n bhfairrge in áit ar a dtugtar Lúibín a' Chathmain.Lé h-imtheacht aimsire fuair an fhairrge treis ar an dtalamh agus níl tásg ná tuairisg ar uaigh an fhir. Bhailigh Micheál Ó Rudaigh bosca mór agus chuir sé na cnámhaí a bhí n-ochtuighthe isteach ann. Chuir sé i roilic Ghleann Chaisil iad agus lá ar na bhárach fritheadh clúdach an bhosca ós cionn na h-uaighe agus gan tásg ná tuairisg ar na cnámhaí.