Scoil: Eanach Mór (uimhir rolla 13912)

Suíomh:
An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mártain Ó Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 37

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 37

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eanach Mór
  2. XML Leathanach 37
  3. XML “Paidreacha - Paidir Gheal”
  4. XML “Teagasc Críostaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seachain mé ar na peacaidh agus cuir mé ar an eolus,
    Agus tabhair dom an aithrighe, nó go silidh mé na deora
    A Phaidir mhilis mhíórbghailteach atá lán de na grásta,
    As ucht Íosa Críosta agus síothchán na Páise
    Na seacht bpaidreacha a chuaidh ar searc
    A chuir Muire faoi n-a Mac, a chuir Bríghid faoi n a brat is
    A chuir Mícheál faoi n-a sciath,m a chuir Dia faoi n a láímh Dhe
    Idir mé agus bás bí ?, idir mé agus náire shaoghalt.'
    Phaidir Gheal cé'r chodail tú aréir? Chodluigh mé ar neamh
    Cé gcodlochaidh tú anocht? Fá chosa na mbocht
    Cé gcodlochaidh tú san oidhche amáireach? Faoi chosa Phádraic
    Cé sin rómhat? Ta na h-aingle
    Cé sin i do dhiaidh? Tá na hAspail
    Cé si leat ar láímh dheis? Trí bhraon de uisge coisreagtha Dómhnaigh
    A chuir Muire liom a' déanamh an eolais
    Fáilte an leinbh a rugadh sa stábla
    Fáilte an Aingil a geineadh sa Márt
    (Go bhfosglaí dhá dhoras deag de Flaitheas
    Agus go ndúnfaí doras Ifrinn)
    Fáiltighim rómhat Aon Mhic Iosa is Muire,
    Is cuirim coimrighe m'anam ar uair mo bháis ort.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.