Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Leathanach 155
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Fadó, fadó bhí cailín deas meadhan aosta in a comhnuidhe gairid de'n áit in a bhfuil mise agus ní pósadh sí aon fhear ach fear glic agus draoidheachta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ars’ an fear, “Dia dhuit is Pádruig” ars an
docán gabhair “an dtiocfá liom abhaile” ars’ an
(?) fear” i mbasa ragaid mé ars’ an pocán
gabhair, agus nuair a bíodar ag teacht i dtreó an
tighe, chuir an pocán gabhair Seán ar a dhrom
agus níorbh fhada gur chas ortha fear a bhí ag
glanadh díge ar thaobh an bhóthair agus chuir an
pocán gabhair an fear san ar a dhrom freisin
agus leanadar an bhóthair. Chuaidh an pocán
gabhair isteach go dtí tig siúinéir agus chuir sé
an siúinéir ar a dhrom agus lean sé an bhóthair
agus níor stadh sé gur thánaig sé isteach go dtí
Máire, agus an bheirt aca ar a dhrom
agus annsan bhí iongnadh ar Mháire, agus do
bhuail an pocán gabhair Máire le’n a adharca
agus do chuir sé in áirde in a dhrom í, agus
d’imthigh sé amach agus do thug sé an triúir
aca seacht míle ó bhaile agus tar-éis seactmhaine
nó mar sin chas an pocán gabhair thar n-ais
agus leig sé síos iadh ins gach áit a fhuair sé
iad agus do thug sé Mháire agus Seán abhaile
agus do comhnuig siadh go compórdamhail ó shoin.
Éamonn Uí Uinnsuduín
Ghleann Garbh
Lios-Mór- Bailitheoir
- Éamonn Uí Uinnsudúin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge