Scoil: Baile Dubh (1)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Bríd Ní Dhúnaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Dubh (1)
- XML Leathanach 49
- XML “Paidreacha Seanmhná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag dul a codladh dhuit abair :
Luighim ar an leabaidh mar luighim san uaigh
Deanaim m'fhaoisidín leat, a Íosa, go cruaidh
Trí gníomhartha mo choirp. trí smaointe mo chroidhe
Trí amharc mo shúl, tré labhairt mo bhéil
Trí siubhal mo chos
Trí gach nidh adubhairt agus ná raibh fíor
Trí gach nidh gheallas agus nár cóimhlíontas
Gach nidh do rinneas i gcoinne do dlighe nó do thoile naomhtha
Iarraim maitheamnas ort, a Rí na Glóire
Ag eirighe dhuit ar maidin abair :
Eirighim suas le Dia, go n-éirighidh Dia liom
Lámha Dé im' thimpeall
Ag suidhe agus ag luighe agus ag eirighe dhom. Amen.
Buíochas Dé go dtuillimíd
Gloire Dé go bhfuighimíd
Ceolta Dé go gcloisimíd
Is beatha na naomh go bhfuighimíd
Anna, máthair Muire, Muire máthair Críost, Sibeul, máthair an Báiste
Cuirimíd an triúr san idir sinn agus galar na leabthan
Crann ar cuireadh Críost idir sinn agus an trom-luighe.- Bailitheoir
- B Ní Dhúnaighe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean an Phaoraigh
- Inscne
- Baineann