Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn

Suíomh:
Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Seanchaint”
  4. XML “Amhrán - Na Prátaí Dubha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Le neart faobhair sgannradh tharraing sé amach an buidéal agus caith sé isteach thar an gclaidhe é.

    Bhí beirt Cearraidheach ag gabháilt thar gharrda práta lá agud chonaic ceann acu muileann gaoithe istig ann le h-aghaidh na bpréacháin do sgannrú. "Ó féach", arsa sé, "ar sampla crois céasta ár Slánatheora, téimís isteach agus baninmís anuas é". Do cuadar agus bhí sé á bhaint anuas do bhuail an muileann stiall ar a shróin agus bhain sé cuid di de. "Och san riabhac leis" arsa sé "níl ann ach ceirtlín tochrais an diabhail".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    1.
    A Rí na Glóire fóir is freagair dúinn
    Scaoil ár nglasa is réidhigh ár gcás
    Sa bheatha so aríst ód gcroidhe go gcasair chughaim
    Is an púr-house go leagair anuas ar lár.
    2.
    Ó s mar gheall ar an bpeaca tháinig an cluian seo eadrainn
    Oscail ár garoidhe agus dibir an gangaid as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.