Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 360

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 360

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 360
  3. XML “An Páiste a Bhí ag na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Páiste a bhí ag na Sidheóga.
    Bhí fear sa sean-phobal agus nuair a bhí sé óg bhí sé in a chomhnuidhe le n-a shean-mháthair. Aon oidhche amhaín bhí a mháthair ag dul síos treasna na páirce agus chonnaic sí solus in tig agus chuaidh sí straeh. Bhí na daoine maithe istigh agus bhí páiste acu. Do seasuigh an mháthair ag an dorus ag feuchaint ortha. Bhí an leanbh acu agus iad ag rádh - "slán as mo láimh-se agus slán id' láimh-se." Bhí san ar siubhal go dtí gur tháinigeadar go dtí an dorus. Annsan dubhradar - "slán as mo láimh-se agus slán id' láimh-se agus is duit is cóir é." Thug sí an páiste abhaile agus bhí an páiste eile a bhí sa mbaile ag gol. Tar éis tamaill fuair sé bás. Do chuir an bhean so sceul suas go dtí n-a máthair agus dubhairt sí go raibh an páiste tar éis bháis. Ní dubhairt sí aon rud acht tug sí airgead don mbean agus do chuir sí an páiste. Nuair a bhí an páiste fásta bhí sé láidir agus bhí buadh reatha aige. Tá an fear san curtha sa sean-phobal agus tá a uaigh sa sean reilig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Finn
    Inscne
    Fireann