School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 356

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 356
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí iníon amháin aici. Bhí a h-athair tar éis bás. Ní raibh aoinne ina chónaí ins an tigh ach an beirt aca. Aon oíche amháin tháinigh fear go dtí an tigh. Ní raibh aon aithne aca air. An dara oíche tháinigh sé arís agus thugadar rud le n-ithe dó. An oíche seo bhí sé ag imeacht abhaile. Bhí sé a deich a chlog nuair a bhí sé ag imeacht. Chuaidh bean an tigh amach go dtí an doras agus síos tríd an páirc a chuaidh sé.
    Níor inis sé dóibh an ainm a bhí air. An oíche seo tháinigh sé go dtí an doras. Chuaidh bean an tigh amach go dtí an doras agus madra comh mór le bó a bhí ann. Dúirt sí leis an iníon gurab é n diabhail a bhí ann Fuair an beirt aca bás leis an Samhradh.
    Scéal
    Tá sean-fhothrach thíos leath-mhíle ó mo thig agus tá tobar beannaithe ann. Deirtear gur seana-shéipéal a bhí ann dhá mhíle bliain ó shoin.
    Tá cloch beag ann agus ní bhfuidheadh aoinne an cloch a thógaint.
    Tá páirc beag ann agus deirtear gur sa pháirc sin a chuireadh na daoine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás de Róiste
    Gender
    Male
    Age
    14
    Informant
    Brigid Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    30