Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
- XML Leathanach 86
- XML “Daoine Cáiliúla i Sliabh gCua sa tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Daoine Cáileamhla i Sliabh gCua sa t-sean-aimsir"Do bhiodach pátrun san Cnoc Buidhe timcheall Seasca blían o shion. Do bhiodhach gach aon saghas cleasaideact ar siubhal acú ann. Thagach daoine ó gach thaobh den cheanntar ann. Do bhiodach dhá fuireann "Carrabhath agus Sean-Bheistí". Do bhidis ag caitheamh meactainí, bhidis ag imirisgáil agus ag troidh thagach na "Sean-Bheistí" ó an Carraig agus ó Ráthgormach agus na Carrabhat ó Mág-Deilghe agus ó Ceapac Cuinn le bataí droighean a throididís. Bhiodhach bheist bán ag gach áon Sean-Beist agus snaidhm ar a thosach. Do bhíodh ciarsúir thimceall ar muinéal na gCarrabhat. Do b'ead Padraigh Paor (Paidir Liamh Gaim) ó'n Carraig an ceann a bhí ortha. Seán Mac Gearailt ó Mag Dheilge an ceann a bhí ar na gCarrabhat. Theigheach na mna ag conghnamh leis na fearaibh. Sé an chóir trodha a bhiodach ag na mna. Bháinidis na stocaí diobh agus chuiridís cloca isteach ionnta. Mharbhuigeadh fear ann d'ar b'ainm Séan Ó h-Aceid, agus do cuir an shagart deire leis an bphatrún as san amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Eilís Ní Chadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge