School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)
- Location:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Teacher: Nóra Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Áit-Ainmneacha"
Páirc an Aifrinn.Tá páirc ar an dtaobh thall de'n ngleann i mBleántas a dtugtar Páirc -an Aifrinn uirthi. Tá lios i gcúinne na páirce, agus bhí cloch ann mar a mbíodh Aifreann 'á rádh sa droch-shaoghal fadó nuair ná raibh séipéal ná aon áit eile a raibh cead Aifrinn ag sna sagairt. Gleann Sheáin Uí Chathain a thugtaí ar an ngleann san atá idir an Cnoc Buidhe agus Bléantas, agus tá cabhas treasna na h-abhann gairid do pháirc an Aifrinn: Cabhas an Aifrinn a bhí air. Cheithre clocha móra atá sa chabhas. Timcheall dachad bliadhain ó shoin tháinig tuile mhór san abhainn, agus scuab sí léithe ceann de chlocha an chabhais. Tamall beag i n-a dhiaidh sin tháinig tuile eile agus d'fhág sí cloch mhór eile i n-áit na cloiche a bhí imthighthe.
San áit a dtagann a dá abhainn le n-a chéile ag bun na Scairte agus Bhleántais tá droichead dúbhalta ann : Droichead Bhun-an-Dá-Abhann atá air; ach fé raibh aon droicead ann is é ainm a bhí ar an áit ná Áth Chlaise an Iarainn.(continues on next page)- Collector
- Cáit Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Informant
- Éilís Ní Chadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge