Scoil: Leitir Fhada

Suíomh:
Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 381

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 381

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Fhada
  2. XML Leathanach 381
  3. XML “Béaloideas - Díseart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Leitir – Fáda an t-am sin, acht thóg an Sagart Paróiste (Dean) Ua Fiadgaile as na Frásaigh scoil ann. Annsin thug sé aníos buachaill óg as na Gleanntaí darbainm Séamus Maoilchiaráin, agus chuir sé é isteach a mhúnadh ins an scoil, acht ní rabh sé ábálta fa na coinne ar dtús agus cuir sé é ar shiubhal go Baile Átha Chliath ar feadh sé mí, go bhfuair sé é críothnuighthe in a mhaighistir, agus dhíol sé féin ar a shon.
    Indiaid sin cuireadh scoil Díseart faoi cóis agus cuireadh an Gaedhilg faoi chois fósta, nó, thoisigh siad ag múnadh béarla i Leitir – Fháda. Nuair a cuaidh scólairí na sléibhte síós go Leitir – Fháda, ní rabh fócal Béarla in a bhéal acu. Bheireadh an mhaighistir án ghríosal daobhtha, agus d’iarradh sé órthu a dhul amach go dtí an srúthan agus a gcuid teangaidh a sciúradh le gáinimh, le bróg sálach na Gaedhilge a bhaint de.
    Mar sin de ba doiligh do na maithreacha a gcuid páistí a chur na scoile, acht dórnan a rabh fonn órthú an Béarla a fhogluim.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Ghallochobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Fíogaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall